Giorgos Seferis
Ba é Giorgos Seferis (; ) ainm cleite a bhíodh ag an bhfile Gréagach Geōrgios Seferiádēs (''Γιώργιος Σεφεριάδης''), a mhair idir 1900 agus 1971.Rugadh é in Urla (''Βουρλά'') san Impireacht Otamánach, baile atá suite sa Tuirc sa lá atá inniu ann, ar an 13ú lá de Mhárta - nó an 29ú lá d'Fheabhra de réir an fhéilire Iúil, féilire a raibh fós in úsáid sa Ghréig ag an am san - agus fuair sé bás ar an 20ú lá de Mheán Fómhair in Aithin (''Αθήνα'') na Gréige.
Duine desna filí Gréagacha is tábhachtaí den 20ú haois ba ea Seferis. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1963. Ní raibh ach file amháin ann áfach, bhí sé ina thaidhleoir leis agus ba eisean ambasadóir na Gréige chun na Ríochta Aontaithe idir 1957 agus 1962. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1
-
2
-
3
-
4