Patrick Modiano

Scríbhneoir Francach is ea Patrick Modiano (r. 1945). Do rugadh é ar an 30ú lá de mhí Iúil i mBoulogne-Billancourt, buirg atá suite in Île-de-France. Tá breis is 30 úrscéal scríofa aige agus go leor duaiseanna bronnta orthu, an ''Grand prix du roman de l'Académie française'' (1972) agus an ''Prix Goncourt'' (1978) ina measc.

Tá cosúlachtaí idir shaothar Mhodiano agus dírfhicsean - nó ''autofiction'', mar a thugtar air i bhFraincis -, de bharr tóir na hóige caillte a bhíonn mar leitmóitíf ag Modiano. Saintréithe dá shaothair is ea inní an duine féin, atarlú agus caolchúis, agus pléann an chuid is mó dá shaothair le Páras na Forghabhála. Déanann an t-údar iarracht beatha an gnáthdhaoine a léiriú, iad siúd a bhfuil sé orthu dul i ngleic le tubaiste na staire agus a bhíonn á n-iompar ar shlí gur deacair í a thuiscint ná ciall éigin a fheiscint léi.

mion|clé|Patrick Modiano (r. 1945) ag preasocáid [[Acadamh na Sualainne|Acadaimh na Sualainne i gcathair Stócólm na Sualainne ar an 6ú lá de mhí na Nollag 2014.]]

Ba sa bhliain 2014 a moladh Duais Nobel na Litríochta do Mhodiano mar aitheantas ar a chuid scríbhneoireachta agus ar "bhua na cuimhne" atá aige, bua as a mbaineann sé úsáid, dar le hAcadamh na Sualainne, chun "na beathaí is díomuaine agus saol na Forghabhála a chur in iúl dúinn". Ba é Modiano an cúigiú scríbhneoir Francach déag ar moladh Duais Nobel na Litríochta dó. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 4 toradh á dtaispeáint as 4 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Modiano, Patrick', am iarratais: 0.05s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
    de réir Modiano, Patrick
    Foilsithe / Cruthaithe 1988
    Gairmuimhir: Wk Modi
    LEABHAR
  2. 2
    de réir Modiano, Patrick
    Foilsithe / Cruthaithe 2021
    Gairmuimhir: Wn Modi
    LEABHAR
  3. 3
    de réir Frenkel, Françoise
    Foilsithe / Cruthaithe 2015
    Rannpháirtithe: “…Modiano, Patrick…”
    Gairmuimhir: Bc Fre
    LEABHAR
  4. 4
    de réir Frenkel, Françoise
    Foilsithe / Cruthaithe 2016
    Rannpháirtithe: “…Modiano, Patrick…”
    Gairmuimhir: Wk Fre
    LEABHAR