Johann Gottlieb Fichte
Fealsamh Gearmánach ba ea Johann Gottlieb Fichte. Bhí sé orthu siúd a bhunaigh an ghluaiseacht fhealsúnach a dtugtar idéalachas Gearmánach uirthi, gluaiseacht a d’eascair ó shaothar teoiriciúil agus eiticiúil Immanuel Kant. Tá meas ag teacht ag fealsúna agus ag scoláirí ar Fichte mar fhealsamh a bhfuil tábhacht leis ann féin de bharr an léargais a thug sé ar an bhféintuiscint. Ba é Fichte a cheap an modh ''téis, fritéis, sintéis'',, rud a luaitear go minic le Hegel.Chomh maith leis sin, scríobh Fichte saothair faoi fhealsúnacht pholaitiúil; tá cáil air mar dhuine díobh siúd a chuir tús leis an náisiúnachas Gearmánach. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1
-
2
-
3
-
4
-
5
-
6
-
7
-
8
-
9
-
10
-
11
-
12
-
13